
IMRAM 2024
Bí ar an eolas faoi imeachtaí IMRAM le linn 2024 – cuir rphost chuig eolas@imram.ie le d’ainm agus do shloinne.
Údar faoi Agallamh
Craolfar sraith scannán le húdair faoi agallamh san Earrach 2024. Cuir aithne ar Anna Heussaff, Louis de Paor, Ré Ó Laighléis, Marcus Mac Conghail agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus iad i mbun comhrá le Cearbhall Ó Síocháin.
IMRAM Cois Cuain
Eanáir–Meitheamh 2024
Sraith imeachtaí ilmheán litríochta i gcathair Bhéal Feirste.
IMRAM na nÓG
7–11 Bealtaine 2024
Ceardlanna agus seóanna le scoth na scríbhneoirí do pháistí, i leabharlanna thart timpeall Bhaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin!